Matha 18:22 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n‑uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n‑uaire seachtód. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt losa leis, “Ní deirim leat seacht n‑uaire, ach seachtó faoi sheacht! Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir Íosa leis: Ní abraim leat, a fhad le seacht n-uaire; acht a fhad le deich agus trí fichid uair fá sheacht. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt Íosa leis, Ní abraim leat, Seacht h‐uaire, acht seacht h‐uaire fó sheacht ndeich. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada le seacht n-uaire fó sheacht ndeich. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Ní hea go dtí seacht n-uaire a deirim-se leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. |
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.
“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.
Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.
Ná faigheadh an t‑olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.
Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.