Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.”
Matha 17:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a dʼfhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar thógáil a súl dóibh, ní fhaca siad aoinneach acht amháin Íosa é féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag féachain suas dóibh, ní fhacadar aoinneach acht Íosa amháin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar dtogbháil a súl dóibh, ni fhacadar éin neach, achd Iósa na áonar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. |
Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.”
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.
Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d'fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d'aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.