Matha 17:2 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus dʼéirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus h-athruigheadh a chruth ina bhfiadhnaise. Agus shoillsigh a aghaidh mar an ghréin: agus d’éirigh a chuid éadaigh geal mar shneachta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus mʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. |
“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?”
Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh.
agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad.
Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,
Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.