Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.
Matha 15:39 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí na sluaite scaoilte chun siúil aige, chuaigh sé ar an mbád agus dʼimigh sé leis go críocha Mhagadáin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuir sé ar shiubhal an sluagh, chuaidh sé san bhád, agus tháinic sé go críocha Mhagedain. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé uaidh na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus tháinig sé isteach i gcríochaibh Mhagadán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar léigean an tslúaigh úadh, do chúaidh sé a luing, agus taínic sé go leithimlibh Mhagdala. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bhord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan. |
Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.
Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air.
Chuaigh sé ar bord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dalmanútá.