D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní.
Matha 15:38 - An Bíobla Naofa 1981 Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An méid a dʼith bhí siad ceithre mhíle fear ann, gan mná ná páistí a chur san áireamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí siad sin a d’ith i líon a gceithre míle fear, taobh amuigh de pháistí agus mná. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is é méid na ndaoine do bhí ag ithe, ceithre míle fear, taobh amuigh de mhnáibh agus de leanbhaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádar an luchd a dúaidh é ceithre mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. |
D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní.
Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan.