Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.
Matha 15:13 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é m'Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é a dʼfhreagair sé, “Níl aon phlanda nach bhfuil curtha ag mʼAthair neamhaí nach dtarraingeofar amach as na fréamhacha. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Gach plannta nár chuir m’Athair neamhdha, réabfar as a fhréamhacha é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Gach plannda nár chuir m’Athair neamhdhasa, tarraingeochar é as a fhréamhachaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Gach uile phlanda, nach ar chuir Mathair neamhdhasa, beanfuighthear as a fhréamhach é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach d’fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m’Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréacaibh é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é mʼAthair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamhacha é. |
Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.
Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;