Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,
Matha 14:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí siad thar uisce, tháinic siad go tír Ghenesair. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGenésaret. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chúadar tar úisge, tangadar go talamh Genesaret. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. |
Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,
Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,