D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
Matha 14:22 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thug sé ansin ar na deisceabail dul ar an mbád agus seoladh anonn go dtí an taobh eile, a fhad agus bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus láithreach chuir Íosa d’fhiachaibh ar a dheisciobail dul san bhád, agus an taobh eile de’n uisce a bhaint amach roimhe, go dtí go gcuireadh sé ar shiubhal an sluagh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar na deisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe go dtí an taobh thall, nó go gcuirfeadh sé na sluaighte chum bealaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus air ball do chuir Iósa dfhiachaibh ar a dheisciobluibh dul a luing, agus dul roimhe féin don táoibh oile, no go léigeadh sé an pubal úadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. |
D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan.
Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.