Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Deirimse libh go bhfuil neach is mó ná an teampall anseo.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus deirim libh go bhfuil neach is mhó ná an teampall annseo.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht adeirim‐se libh, go bhfuil duine is mó ’ná an teampall annso.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd a deirim ribh, Go bhfuil neach is mó na an teampoll ann so.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.

Féach an chaibidil



Matha 12:6
12 Tagairtí Cros  

Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?


Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?


Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.


“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.


Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?


Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha