“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
Matha 12:48 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt leis an té a d'inis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar seisean leis an té a dʼinis dó é, “Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo dheartháireacha?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair seisean an té a d’innis dó, agus dubhairt: Cé h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’fhreagair sé, agus adubhairt sé leis an duine d’innis dó é, Cé h‐í mo mháthair? agus cé h‐iad mo bhráithre? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris an té do innis so dhó, Cía hí mo mhathair? agus cía hiad mo dhearbhraithreacha? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt leis an té a dʼinis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?” |
“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
Dúirt duine éigin leis: “Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.”
Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: “Féach mo mháthair agus mo bhráithre!
Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”
Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.