Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
Matha 12:17 - An Bíobla Naofa 1981 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, Isaias, a deir: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tré Ésáias fáidh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: |
Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
“Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.
agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”
óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh.
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”
Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,
ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”
Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.