Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta.
Lúcás 24:24 - An Bíobla Naofa 1981 Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh cuid den dream is againne go dtí an tuama, agus chonaic siad go raibh an tuama mar a bhí ráite ag na mná, ach ní bhfuair siad aon amharc air féin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuaidh cuid againn go dtí an tuamba, agus is amhlaidh fuair siad, mar a dubhairt na mná, acht ní fhuair siad eisean. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuaidh roinnt díobh‐san do bhí n‐ár bhfochair go dtí an tuama, agus fuaradar mar adubhairt na mná: acht ní fhacadar é féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuadar dream áirighe dhá rabh maille rinne chum an túama, agus fuaradar mar a dubhradar na mná: achd ní fhacadar eision. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.” |
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta.
Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d'imigh abhaile agus é lán d'ionadh faoin rud a tharla.
nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo.
Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!