Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.
Lúcás 24:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d'imigh abhaile agus é lán d'ionadh faoin rud a tharla. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar éirghe do Pheadar, rith sé go dtí an tuamba, agus nuair a chrom sé, chonnaic sé an línéadach ina luighe leis féin, agus d’imthigh sé leis agus iongantas air fá’n nídh a thárla. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’éirigh Peadar, agus do rith sé isteach sa tuama; agus ag cromadh agus ag dearcadh isteach dó, do chonnaic sé na h‐éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé chum a thighe ag déanamh ionganta d’á dtarla. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus dʼimigh abhaile agus é lán dʼionadh faoin rud a tharla. |
Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.