Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”
Lúcás 22:71 - An Bíobla Naofa 1981 “Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siadsan, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt siad, “Cad é an gnó atá againn le tuilleadh fianaise? Táimid tar éis a chluinstin óna bhéal féin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad-san: Cad é an feidhm atá againn le n-a thuilleadh fiadhnaise? Óir chualamar as a bhéal féin é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar‐san, Créad é an gábhadh atá againn le tuilleadh fiadhnaise? óir do‐chualamar féin é, as a bhéal féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do chúalamar féin as a bhéul féin é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siad-san, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.” |
Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”