Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”
Lúcás 21:7 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh siad de, “A Oide, cá huair a bheidh sin amhlaidh, agus cad é an tuar a bheas ann go díreach roimh a theacht?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: A Mháighistir, cá h-uair a bhéas na neithe sin ann, agus cad é bhéas ina chómhartha, go mbéidh siad ar tí a theacht? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dfíafruigheadar dhe, ag rádh, A Mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? agus créd é an comhthartha bhías ann an tan do dhéantar íad so? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” |
Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”
“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;
Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.
“A bhfuil le feiceáil ansin agaibh - tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”
Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.