Lúcás 21:38 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thagadh na daoine uile chuige a éisteacht leis sa teampall ar mhoch na maidine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thigeadh na daoine uilig chuige san teampall go luath ar maidin chun bheith ag éisteacht leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thigeadh na daoine uile go moch ar maidin chuige sa teampall, chum éisteachta leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thigeadh an pobal uile chuige go moch air maidin, déisdeachd ris ann sa teampall. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thagadh na daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul chun bheith ag éisteacht leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis. |