Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.
Lúcás 21:27 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe faoi chumhacht agus faoi iomad glóire. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus annsin tchífidh siad Mac an Duine ag teacht i néall fá mhór-chumhacht agus fá ghradam. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal te mór-chómhacht agus le gradam. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. |
Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.
“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.
Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”
Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.
daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.
Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.
Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.