Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
Lúcás 21:17 - An Bíobla Naofa 1981 agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) beidh fuath ag cách daoibh mar mhaithe le mʼainmse. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh fuath ag gach aoinneach oraibh mar gheall ar m’ainm-se. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus biaídh fuáth ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se; |
Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.
“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.
Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh,
“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.
Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.
Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.
Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.
Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.
Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.
Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.
Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh.