An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.
Lúcás 14:14 - An Bíobla Naofa 1981 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh tú beannuighthe, de bhrígh nach mbíonn sé ar a gcumassan cúiteamh a dhéanamh leat; óir dhéanfar cúiteamh leat i n-eiséirghe na bhfíréan. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.” |
An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.
ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;
agus tiocfaidh siad amach - iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t‑olc chun aiséirí an bhreithiúnais.
Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.