“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.
Lúcás 10:8 - An Bíobla Naofa 1981 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a théann sibh isteach i mbaile mór agus go bhfáiltíonn siad romhaibh, ithigí a gcuirtear romhaibh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cibé cathair ina rachaidh sibh isteach agus go bhfáilteochaidh siad rómhaibh, ithigidh na neithe a chuirtear ós bhur gcómhair, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ná bidhidh ag dul ó thigh go tigh. Agus cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh, agus go nglacfar sibh, ithidh a gcurfar rómhaibh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair |
“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.
Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí:
agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”
Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.
Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.