“Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad.
Lúcás 10:24 - An Bíobla Naofa 1981 Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir deirim libh, gurbh áil le mórán fáidh agus ríghthe na neithe d’fheiceáil, atchí sibh-se, agus ní fhaca siad iad; agus na neithe a chluinstin, a chluin sibh-se, agus ní chuala siad iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir deirim libh, bʼáil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.” |
“Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad.
Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse.
D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.”
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh.