Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Íseáia 7:11 - An Bíobla Naofa 1981 “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Iárr comhartha ar do THIGHEARNA Día; íarr é ann san doimhne shíos, nó annsa náirde shúas. |
Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
“Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”
Beidh sé seo ina chomhartha agat: Íosfar i mbliana grán a d'fhás ar bhranar agus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís, ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar, cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”
In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!
Ansin dúirt an Tiarna le Irimia: “Imigh agus ceannaigh crúsca cré. Beir leat roinnt de sheanóirí an phobail agus de na sagairt.
Agus seo daoibh an comhartha - is é an Tiarna a labhraíonn - go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n‑aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n‑aghaidh.
Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”