Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
Íseáia 19:12 - An Bíobla Naofa 1981 Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh? Amach leo anois agus léiríodh siad duit a bhfuil socraithe ag Tiarna na Slua a bhfuil i ndán aige don Éigipt. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cáit a bhfuilid síad? cáit a bhfuilid do dhaóine glioca? agus innisidis duit a nois, agus biódh a fhios aca cred to thionnscain TIGHEARNA na slógh ar a Négipt. |
Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!
Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna, na saoithe as Eadóm an lá sin? agus an eagna as Sliabh Éasau.
Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d'ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m'ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.”
Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?
“Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”