Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,
Irimia 9:13 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deir an TIGHEARNA, Do bhrígh gur thréigiodar mo dhligheadh noch do chuir mé as a ccoinne, agus nar úmhluigheadar dom ghúth, agus nach ar shiúbhluigheadar ann; |
Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m'aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,
Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?
Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.
An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.
Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’
Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”
Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.