Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
Irimia 5:19 - An Bíobla Naofa 1981 Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tiucfa a ccrích, an tan a naibeorthaói, Cred fá ndéan an TIGHEARNA ar Ndía na neithesi rinn? ann sin freigeora tú íad; Amhuil mar do thréigeabhairsi misi, agus do fhoghuabhair do dhéeibh coimhightheacha ann bhur ttalamh, is marsin fhoigheontaoi do choimhthigheachuibh a ndúthuigh nach libh féin. |
Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.”
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
An sclábhaí mar sin Iosrael? Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é, go ndéantar é a chreachadh mar seo?
Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’
“Ach sna laethanta sin féin - an Tiarna a labhraíonn - ní scriosfaidh mé ar fad sibh.
Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?
Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é,