Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 41:16 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Annsin rug Iohanan mhac Careah, agus uile chaiptinighe na slógh do bhí iona fhochair, fuighioll na ndaóine uile do bhean sé do Ismael mhac Netaniah, ó Mhispah, (tar éis Gedaliah mhac Ahicam do mharbhadh dhó,) eadhon fir láidre chogaidh, agus na mná, agus na leanba, agus na seomrádóirighe, noch thug sé a rís ó Ghibeon:

Féach an chaibidil



Irimia 41:16
4 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh.


Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.


Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.