éagfaidh tú i síocháin. Agus faoi mar a loisceadh spíosraí do d'aithreacha, na ríthe a bhí romhat in anallód, is mar sin a loiscfidh siad spíosraí duitse agus a chaoinfidh siad thú: Mo léan, a mhórgacht! Dúirt mise é - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Acht éugfa tú a síothcháin: agus lé loisgighe haithreadh, na ríghthe roimhe noch do bhí romhad, mar sin loisgfid síad thusa; agus caóinfid síad thú, dha rádh, Ah a thighearna! óir a dúbhairt misi an focal, a deír an TIGHEARNA.
Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.’ ” Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.
Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.
Déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shíocháin chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo agus ar a bhfuil ina gcónaí ann.’ ” Thug siad an freagra sin leo go dtí an rí.
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”
Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.
chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.