Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.
Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.