Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:9 - An Bíobla Naofa 1981

Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Uimesin do chuir Iosua amach íad: agus do chuádar do luighe a bhforaire, agus do fhosadair idir Bhetel agus Ai, an táobh shíar do Ai: ach do fhan Iosua a noidhchesin a measg an phobuil.

Féach an chaibidil



Iósua 8:9
9 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.


Ghabh an bronntanas ar aghaidh roimhe dá bhrí sin, agus d'fhan sé féin sa champa an oíche sin.


fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí;


fir Bhéitéil agus Háí, céad fiche a trí;


Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.


D'éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.


Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.


Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”


do mhuintir Bhéitéil, do mhuintir Rámót sa Neigib, do mhuintir Iaitir,