faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna do chlann Iosrael de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois, “altóir de chlocha nár snoíodh agus nár luigh aon uirlis iarainn riamh orthu”; agus d'ofráladar íobairtí dóite uirthi don Tiarna agus íobairtí comaoineach chomh maith.
Mar do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA do chloinn Israel, mar atá scríobhtha a leabhar dlighe Mhaóise, altóir do chlochuibh iomlána, air nar thóg duine ar bíth íarann: agus do ofráladar orra sin iodhbartha loisge don TIGHEARNA, agus do íodhbradar ofrála síothchána.
Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, afach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n‑aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
Dúirt Hilcíá, an t‑ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.” Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.
Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d'fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n‑ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh.
Ansin cheap siad na sagairt de réir a n‑ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois.
Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach
Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.