Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 8:27 - An Bíobla Naofa 1981

Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Amháin áirnéis agus éadáil na caithreacha sin rug Israel léo mar chreich dhóibh féin, do réir bhreithre an TIGHEARNA noch do aithin sé do Iosua.

Féach an chaibidil



Iósua 8:27
8 Tagairtí Cros  

Óir is liom ainmhithe uile na coille agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.


Ach an t‑ór, an t‑airgead, an cré-umha, an t‑iarann, an stán agus an luaidhe -


“Déan-sa, tú féin agus Eileázár an sagart, agus ceannairí theaghlaigh athartha an chomhthionóil, an chreach a ríomhadh idir dhuine agus ainmhí.


An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’


Ach thugamar stoc agus spré na gcathracha sin linn mar chreach.


Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh.


Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”


Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.