Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 7:16 - An Bíobla Naofa 1981

D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thug Iosrael leis treibh ar threibh agus thit an crann ar threibh Iúdá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Mar sin do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreabhuibh; agus do gabhadh treabh Iudah:

Féach an chaibidil



Iósua 7:16
7 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.


Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill, chun d'aitheanta a chomhlíonadh.


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Go luath ar maidin d'éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.


An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.’ ”


Thug sé leis finí Iúdá agus thit an crann ar fhine Zearach. Thug sé leis fine Zearach teaghlach ar theaghlach agus thit an crann ar theaghlach Zaibdí.


Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.