Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 7:13 - An Bíobla Naofa 1981

Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: ‘Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: “Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Eírigh, naómhuigh an pobal, agus abair, Náomhuighe sibh féin a gcoinne an laói máruighe: óir is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Atá ní móidighthe ann bhur lár, ó Israel: ní fheadthaoi seasamh as coinne bhur námhad, nó go gcurthaói uáibh an ní malluighthe ó bheith bhur measc.

Féach an chaibidil



Iósua 7:13
13 Tagairtí Cros  

Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr.


Agus anois tá sé mar sprioc agaibh cuing na daoirseachta a chur ar mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim, idir fhir agus mhná. Nach bhfuil peacaí do bhur gcuid féin oraibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia?


A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.


“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),


Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.”


Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.


Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d'ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.