Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 6:9 - An Bíobla Naofa 1981

Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chúadar na daoíne armtha roimhe na sagartuibh, noch do shéid na stuic, agus táinig a ndeireadh a ndiáigh na háirce, na sagairt ag dul ar a naghuidh, agus ag séideadh na stoc.

Féach an chaibidil



Iósua 6:9
6 Tagairtí Cros  

Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d'fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.


Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;


Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”


Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.


Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.