Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 6:7 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leis an bpobal: “Gluaisigí romhaibh agus timpeallaigí an chathair agus téadh an t‑urgharda roimh áirc an Tiarna.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dúbhairt sé ris an bpobal, Gluáisigh rómhuibh, agus timchiollthaoi an chathair, agus imthigheadh an té atá armtha roimhe aírc an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil



Iósua 6:7
5 Tagairtí Cros  

Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n‑airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo,


Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.


Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá.


Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”


Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.