Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus timcheoltaoi an chathair, sibhsi a luchd cogaidh uile, agus éirgidh timchioll na caithreach éanuair amháin. Do dhéana tú mar so sé lá.

Féach an chaibidil



Iósua 6:3
9 Tagairtí Cros  

Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.


Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”


Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.


Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.


An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d'fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.


Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.


Dúirt sé leis an bpobal: “Gluaisigí romhaibh agus timpeallaigí an chathair agus téadh an t‑urgharda roimh áirc an Tiarna.”