Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 6:14 - An Bíobla Naofa 1981

An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d'fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an dara lá do thimchiolladar an chathair éanúair amháin, agus do fhilleádair chum an champa: do rinneadar mar sin sé lá.

Féach an chaibidil



Iósua 6:14
4 Tagairtí Cros  

Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.


Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.


Ar an seachtú lá d'éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n‑uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n‑uaire.


Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá.