Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;
Iósua 24:28 - An Bíobla Naofa 1981 Scaoil Iósua na daoine ar shiúl uaidh ansin agus d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar sin do léig Iosua don phobal imtheachd, gach éanduine dhá oighreachd féin. |
Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;
Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha.
Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n‑oidhreacht féin.’ ”
Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: “Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n‑aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n‑aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.”
Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.
Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.