Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;
Iósua 21:7 - An Bíobla Naofa 1981 Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fuaradar clann Mherári gun a muinntearuibh ó threibh Réuben, agus ó threibh Gad, agus ó threibh Sebulun, dhá chathruigh dhéug. |
Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;
agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh,
Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach.
Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.
Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.
Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d'ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois.