Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 21:33 - An Bíobla Naofa 1981

Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uile chaithreacha na Ngersoníteach do réir a muinntear do bhadar trí caithreacha déag gun a gcuimínibh.

Féach an chaibidil



Iósua 21:33
3 Tagairtí Cros  

De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.


Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh,


Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.