Iósua 21:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tugadar machairidh na caithreach, agus a bailte do Cháleb mhac Iephunneh mar sheilbh dhósan. |
Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.
Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”