agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d'imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.”
Agus tarla fa am druite an gheata, ansa dorchadas, dimthigheadar na firsin amach: agus ní fios damhsá, cáit a neachadar na firsin: cuiridh tóruigheachd orra go lúath, óir béartháoi orra.
Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.
Beidh do gheataí ar leathadh de shíor, de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta, chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
Sna laethanta sin agus san am sin, lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann, agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil. Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.
Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”
Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh