Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
Iósua 2:20 - An Bíobla Naofa 1981 Ach má sceitheann tú ar an ngnó seo againne, ansin beimid saor ón mionn a chuir tú d'iallach orainn a thabhairt duit.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus má fhoillsighionn tú ar ngnothuidhne annso, annsin bíam saór ód mhionnuibh thug tú oruinn do thabhairt. |
Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.
Agus dúirt sí: “Bíodh mar a deir sibh.” Scaoil sí leo agus d'imíodar. Cheangail sí an coirdín craorag den fhuinneog.