Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 17:4 - An Bíobla Naofa 1981

Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. “D'ordaigh an Tiarna do Mhaois,” ar siad, “oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.” Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n‑athar de réir mar a d'ordaigh an Tiarna.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tangadar annsin a lathair Eleasar an sagairt, agus a lathair Iosua mhic Nun, agus a lathair a bpriónsadha, gha rádh, Do aithin an TIGHEARNA do Mháoise oighreachd do thabhairt dúinne a measc ar ndearbhraithreadh. Uimesin do réir aitheanta an TIGHEARNA thug sé oighreachd dóibh a measc dhearbhrathar a nathar.

Féach an chaibidil



Iósua 17:4
9 Tagairtí Cros  

Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.


Cén fáth go gcaillfí ainm ár n‑athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”


Rinne iníonacha Zalofachád mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.


Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,


Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael -