Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 17:3 - An Bíobla Naofa 1981

Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Acht ag Selophehad, mhac Hepher, mhic Gilead, mhic Machir, mhic Manasseh, ní rabhadar mic, achd ingheana amháin aige: agus is íadse anmanna a inghean, Mahlah, Noah, Hoglah, Milcah, agus Tirsah.

Féach an chaibidil



Iósua 17:3
5 Tagairtí Cros  

Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.


Ní raibh aon mhac ach iníonacha ag Zalofachád, mac Héifir; seo iad ainmneacha iníonacha Zalofachád - Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.


Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.


Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní - do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní.