Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.
Iósua 16:9 - An Bíobla Naofa 1981 chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d'oidhreacht chlann Mhanaise - na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na caithreacha leithreachuis do chloinn Ephraim do bhádar a measc oighreachda chloinne Manasseh, na caithreacha uile gun a mbailtibh. |
Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.
Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.
Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.
Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní,
Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige.