Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 13:30 - An Bíobla Naofa 1981

Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus dob í a tteóra ó Mhahanaim, Básan uile, rioghachd Og rígh Básan uile, agus bailte Iair uile, noch atá ann Básan, trí fichthid cathair:

Féach an chaibidil



Iósua 13:30
11 Tagairtí Cros  

Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,


Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n‑aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí.


cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán.


Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.


agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir,


(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.


mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.


De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,