D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.
Iósua 10:36 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. D'ionsaíodar í, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do chuáidh Iosua súas ó Eglon, agus Israel uile maille ris, go Hébron; agus do throideadar na haghaidh: |
D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.
Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de.
seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan,
Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt).
Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Ghabhadar í an lá céanna agus d'imríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís.
ghabhadar í agus d'imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.
Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).
Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.
Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.