Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
Iób 42:11 - An Bíobla Naofa 1981 A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin thangadar a dhearbhráithre uile chuige, agus a dhearbhsheathracha uile, agus a nuile dhuine da raibh iona thathuigh roimhesin, agus ditheadar arán leis iona thigh: agus do bhí truáighe aca dhó, agus do chobhruigheadar é ós cionn a nuile uilc dá ttug an TIGHEARNA air: thug gach aonduine fós píosa airgid dhó, agus gach áonduine clúasfháinne óir. |
Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.
Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.
Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do.
Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán; ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.
Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.
Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.
Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.
Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.
Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.