Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n‑itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.”
Iób 38:41 - An Bíobla Naofa 1981 Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cía ghléusus a bheatha do nfíach? a nuáir sgréuchuid a eóin óga ar Dhía, téid síad ar seachrán do chion bídh. |
Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n‑itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.”
Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
“Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?
Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith?